Iób 19:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. D'imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim,Agus rinne m'aíonna i mo theach dearmad orm.

15. Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh;Níl ionam ach duine deoranta dar leo.

16. Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé;Ní foláir dom dul ag tathant air.

17. Is bréan le mo bhean an anáil asam,Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé.

18. Tá drochmheas ag na leanaí féin orm;Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.

19. Is fuath le mo chairde cléibh mé,Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.

20. Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann,Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.

21. Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom,Óir threascair lámh Dé mé.

22. Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé?Nach bhfuil bhur sáith de m'fheoil ite agaibh?

23. Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra,Nár inscríobhadh iad ar scrolla,

Iób 19