4. A stollann é féin le barr feirge?An gcaithfear an tír a bhánú ar do shonAgus an charraig a chur as a leaba?
5. Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,Agus lasair a thine a dhul in éag.
6. Lagófar an solas ina bhothAgus múchfar an lampa os a chionn.
7. Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.
8. Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,Agus siúlann sé i measc na sás.
9. Béarfaidh gaiste ar sháil airAgus greamóidh sé sa dol.
10. Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,Agus gaiste roimhe ar an gcosán.
11. Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
12. Beidh an gorta aige mar [pháirtí]Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.
13. Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.
14. Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.
15. Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon,Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.
16. Seargfaidh a fhréamha laistíos,Agus feofaidh a chraobha lastuas.
17. Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal,Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.
18. Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas,Agus ruaigfear as an saol é.
19. Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine,Ná comharba air ina áit chónaithe.
20. Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar,Agus scéin ar an domhan thoir.