5. Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde,Agus súile a chlainne gan preab iontu,
6. Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha;Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.
7. Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim,Agus is geall le scáil mo ghéaga.
8. Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice,Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.
9. Cloíonn an fíréan lena bhealaí,Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.
10. Ach, tagaigí arís, sibh go léir, agus tugaigí fúm!Agus ní bheidh saoi le fáil agam in bhur measc!
11. Tá mo ré thart!Tá mo phleannanna sáraithe,Agus mianta uile mo chroí!
12. Dá fhad í an oíche, a deir siad, tagann an lá;Tá an solas láimh linn chun an dorchadas a ruaigeadh.
13. Níl súil agam ach le Seól mar bhaile,Agus bualadh fúm sa dorchadas.
14. Tugaim athair ar an morgadh,Agus máthair agus deirfiúr ar an gcruimh.
15. Cá bhfuil mo dhóchas, más ea,Agus cé d'fhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair?