3. Ceap, más ea, urra orm i do láthair;Cé rachaidh i mbannaí orm?
4. Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí,Uime sin ní ligfidh tú an bua leo.
5. Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde,Agus súile a chlainne gan preab iontu,
6. Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha;Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.
7. Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim,Agus is geall le scáil mo ghéaga.
8. Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice,Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh.