9. Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa;Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidhAgus tá mo naimhde ag stánadh orm.
10. Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinneAgus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach;Tá rith an rása leo i m'aghaidh.
11. Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach,Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
12. Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé.Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom.Rinne sé a sprioc díom.
13. Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom.Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise;Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
14. Briseann sé mé mant ar mhant,Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.
15. D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceannAgus sádh mo cheann sa lathach.
16. Tá mo cheannaithe craorag le neart goil,Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
17. Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom,Agus gur íon í mo phaidir.
18. Ná clúdaigh m'fhuil, a chré,Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m'olagón.