1. Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:
2. Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana!Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
3. An mbeidh deireadh le bladhgar briathar?Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé?
4. D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa,Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa.An ndéanfainn thú a chiapadh le focail?Nó mo cheann a chroitheadh ort?
5. Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéilAgus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.
6. Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos;Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.
7. Anois ghoin mo chara cumainn méAgus ciapann mo chuideachta go léir mé.