14. Céard é an duine go mbeadh sé íon?Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?
15. Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa,Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
16. Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil,Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
17. Éist liom, tá ceacht agam duit,Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé:
18. Cad deir lucht gaoise,Agus nár cheil a sinsir,
19. Ar dóibh amháin a tugadh an talamh,Agus nár ghabh aon deoraí ina measc:-
20. I gcaitheamh a ré go léir,Tá an t‑urchóideach á chiapadhAgus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh.
21. Tá glórtha bagracha ina chluasaAgus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
22. Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas;Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,
23. Agus a bheith ina bhia ag badhbha.Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,
24. Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air;Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air,Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
25. Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé,Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.
26. Thug sé ruathar ceanndána faoile sciath ramharbhocóideach.
27. Bhí brat blonaige ar a cheannaitheAgus sprochaillí saille ar a cheathrúna.
28. Chuir sé faoi i gcathracha scriostaAgus lonnaigh i dtithe tréigthe,A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.
29. Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin,Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.