1. Fear a rugadh ó bhean,Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró,
2. A eascrann mar bhláth agus a fheonn,Agus a imíonn mar scáil gan fanacht -
3. An ar a leithéid sin a leagann tú do shúilAgus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?
4. Uch nach gcailltear an glanAr mhalairt slí leis an neamhghlan!
5. Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa,Agus líon a mhíonna ag brath ortsa,Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó,
6. Ná féach ina threo, ach lig dó féin,Go gcomhlíona sé a lá dála an bhuachaill aimsire.
7. Bíonn dóchas ann i gcónaí do chrann,Má ghearrtar anuas é, cuirfidh sé bachlóga amach arís,Agus ní theipfidh a phéaca.
8. Fiú má théann a fhréamha in aois sa talamh,Agus go n‑éagfaidh a stocán sa talamh,
9. Péacfaidh sé le boladh an uisce,Agus eascróidh géaga as dála phlanda nua.
10. Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic;Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?
11. D'fhéadfadh uiscí na farraige dul ar ceal,An sruthán dul i ndísc agus i dtiormacht,Ach luíodh an duine san uaigh, agus ní éireoidh sé arís.
12. Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé,Agus ní eireoidh sé as a chodladh.