Iób 13:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach;B'áil liom áiteamh le Dia.

4. Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige;Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!

5. Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta!Ba chríonna an mhaise daoibh é!

6. Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán,Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:

7. An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach,Agus bréag a insint ar a shon.

8. An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon?An mbeidh sibh mar abhcóidí aige?

9. An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh?An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?

10. Déanfaidh sé sibh a cheartú gan amhras,Má dhéanann sibh leathchuma faoi cheilt.

11. Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh?Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?

Iób 13