20. Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.
21. Bog díom do lámh,Agus ná bím ar crith le heagla romhat!
22. Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort!Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!
23. Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé?Inis dom mo locht agus m'éagóir.
24. Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúiseAgus gan ach meas namhad agat orm?
25. An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh,Agus dias chríon a thóraíocht?
26. Óir scríobhann tú nithe searbha i m'aghaidh,Agus greamaíonn tú cionta m'óige díom;
27. Cuireann tú mo chosa i gceap,Agus faireann tú mo bhealaí go léir,Agus tugann tú aird ar rian mo chos.
28. [Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach,mar bhrat ite ag leamhain.