18. Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt,Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
19. Cé rachaidh chun aighnis liom?Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.
20. Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.
21. Bog díom do lámh,Agus ná bím ar crith le heagla romhat!
22. Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort!Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!