Iób 13:17-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam,Agus cluas ghéar do mo bhriathra:

18. Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt,Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.

19. Cé rachaidh chun aighnis liom?Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.

20. Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.

21. Bog díom do lámh,Agus ná bím ar crith le heagla romhat!

22. Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort!Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!

23. Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé?Inis dom mo locht agus m'éagóir.

Iób 13