Iób 13:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh?Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?

12. Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí,Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!

13. Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin,Is cuma cad a thiocfaidh as dom!

14. Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn,Agus rachaidh mé sa seans leis!

15. Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agamAch mo bhealaí a chosaint ina láthair.

16. Sé a bheidh mar shlánú agam,Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.

17. Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam,Agus cluas ghéar do mo bhriathra:

18. Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt,Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.

19. Cé rachaidh chun aighnis liom?Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.

20. Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.

21. Bog díom do lámh,Agus ná bím ar crith le heagla romhat!

Iób 13