5. An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise,Agus sonc don té a fuair barrthuisle.
6. Tá an rath ar bhothanna na ladrann;Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh,An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.
7. Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú!Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;
8. Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit,Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit.
9. Céard é ina measc seo go léir nach eol dóGurb é lámh Dé a rinne é seo go léir?
10. Tá anam gach dúile beo ina ghlaic,Agus anáil anama an chine dhaonna.
11. Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadhAgus an carball an bia a bhlas?
12. Leis an tseanaois a ghabhann an eagnaAgus an chríonnacht le síneadh na mblianta.
13. Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht,Is aige atá comhairle agus tuiscint.
14. Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán;Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
15. Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc;Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.