Iób 12:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:

2. Sibhse gan amhras lucht na tuisceana,Agus gheobhaidh an eagna bás libhse!

3. Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh,Agus níl an tosach agaibh orm,Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin?

4. Is ceap magaidh mé do mo chairde,Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra!Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.

5. An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise,Agus sonc don té a fuair barrthuisle.

6. Tá an rath ar bhothanna na ladrann;Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh,An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.

Iób 12