1. Ansin d'fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2. Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht?An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?
3. An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost?An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
4. Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc,Agus an bhfuilim glan i do radharc?”
5. Uch nach labhródh DiaAgus a bhéal a oscailt chugat,
6. Agus rúin na heagna a nochtadh duit!Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaíAtá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.
7. An féidir duit teorainn Dé a shroicheadhNó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
8. Is airde é ná na spéartha! - Cad tá ar do chumas?Is doimhne é ná Seól! - Cad tá ar eolas agat?
9. Is faide é a thomhas ná an domhan,Is fairsinge é ná an fharraige.
10. Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm,Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?
11. Is eol dó a pheacúla atá an duine;Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.
12. Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana;Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.
13. Má chuireann tú do chroí in ord,Agus do lámha a leathadh chun Dé -
14. Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é,Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -