Hóisé 9:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna,ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó.Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin,agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan.(Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin;blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.)

5. Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais,ar lá fhéile an Tiarna?

6. Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios;cruinneoidh an Éigipt iad,agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh.Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid,agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.

7. Tá laethanta an smachtaithe ag teacht,seo chugainn laethanta an chúitimh.Go raibh a fhios sin ag Iosrael!“Amadán is ea an fáidh”, a deir siad,“is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.”Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide,agus bhur bhfuatha dom é.

8. Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé- is é an fáidh é.Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile,agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.

9. Tá poll domhain tochailte acu dó,faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh.Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid,agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.

Hóisé 9