1. Ná déan gairdeachas, a Iosrael,le teann lúcháire ar nós na náisiún!Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia,agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.
2. Ach ní chothóidh urlár buailte ná cantaoir iad feasta,agus rachaidh dá n‑úrfhíon.
3. Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna,mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipteagus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.
4. Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna,ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó.Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin,agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan.(Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin;blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.)
5. Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais,ar lá fhéile an Tiarna?
6. Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios;cruinneoidh an Éigipt iad,agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh.Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid,agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.
7. Tá laethanta an smachtaithe ag teacht,seo chugainn laethanta an chúitimh.Go raibh a fhios sin ag Iosrael!“Amadán is ea an fáidh”, a deir siad,“is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.”Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide,agus bhur bhfuatha dom é.