Hóisé 8:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Gaoth a síol, gála a bhfómhar!Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh,ná ní thabharfaidh sé plúr;agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.

8. Tá Iosrael féin slogtha siar!Siúd i measc na náisiún iad anoisamhail soitheach gan mhaith.

9. Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre.Maireann an onagair ina haonar léi féin,ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!

10. Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún,cruinneoidh mise iad ar ball beag,agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnachfaoi ualach Rí na bhflatha.

11. Thóg Eafráim a lán altóirí sásaimh;ach is trúig pheaca dó na haltóirí sin anois.

12. Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta,mheasfaí mar rud iasachta iad.

Hóisé 8