1. Séid an stoc!Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna.Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo,agus níor ghéill siad do mo dhlí.
2. Éann siad orm: “A Dhia liom”;ach is aithnid dúinne thú, a Iosrael.
3. Tá Iosrael tar éis diúltú don Mhaith;rachaidh an namhaid sa tóir air.
4. Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom;cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle.Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir,agus dá dheasca sin scriosfar iad.
5. Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir!Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne -Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n‑acmhainn?
6. Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis?Saor a rinne é; ní dia é.Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.
7. Gaoth a síol, gála a bhfómhar!Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh,ná ní thabharfaidh sé plúr;agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.
8. Tá Iosrael féin slogtha siar!Siúd i measc na náisiún iad anoisamhail soitheach gan mhaith.
9. Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre.Maireann an onagair ina haonar léi féin,ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!