1. “Téanaigí, fillimis ar an Tiarna.Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn;Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.
2. Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá,ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís,ionas go mairfimid os a chomhair.
3. Bíodh aithne againn ar an Tiarna;déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air!Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae;tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach,amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”
4. Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim?Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá?Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine,ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.
5. Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáitheagus á marú le briathra mo bhéil.Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.
6. Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí;agus aithne a bheith agaibh ar Dhia,is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.
7. Briseann siadsan an conradh ag Adám;san áit sin feallann siad orm.
8. Cathair lucht míghníomha is ea Gileád,agus tá rian na fola uirthi.