1. Tugaigí aird air seo, a shagarta!Éistigí, a theaghlaigh Iosrael!A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh!Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint.Ach dol ba ea sibh i Miozpá,agus líon leata ar Thábór,
2. agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím.Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.
3. Is aithnid dom Eafráim,níl Iosrael folaithe uaim;ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach,agus Iosrael truaillithe.
4. Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia,óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas,agus ní aithnid dóibh an Tiarna.
5. Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne;bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráimagus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.
6. Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna,ach ní bhfaighidh siad é;is amhlaidh atá sé imithe uathu.
7. Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarnaagus clann bhastard a bhreith.Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.