1. Éistigí le briathar an Tiarna,a chlann Iosrael,mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre.Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,
2. ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású,agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír,agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.
3. Dá dheasca sin triomóidh an tíragus meathlóidh a gcónaíonn inti,mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir;agus fiú amháin éisc na farraige féin,rachaidh siad i léig.
4. Ach ina dhiaidh sin féin,ná cúisítear aon duine den choitiantacht,ná cuirtear iomardú air,óir is tusa, a shagairt, is mian liom a chúisiú.
5. Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil,(tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche)agus dítheoidh mé do mháthair.
6. Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú.Ó chaith tusa uait an t‑eolas,caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht;agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne,ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.
7. Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh;malartóidh mise a nglóir ar an náire.
8. Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad,agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.
9. Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal;óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa,agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.