Hóisé 3:3-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Dúirt mé léi ansin: “Beidh ort lonnú liom go ciúin go ceann mórán laethanta eile gan aon striapachas a dhéanamh agus gan tú a bheith ag aon fhear eile agus gan aon chaidreamh agamsa leat ach oiread.”

4. Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.

5. Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).

Hóisé 3