13. Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,lena féilte agus lena réanna nua,lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir
14. Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”Déanfaidh mise mothar díobh,agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.
15. Cúiteoidh mé léi na féilte,ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaímagus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád,chun dul ar thóir a leannán,agus mise dearmadta aici ar fad!- an Tiarna a labhraíonn.
16. Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,agus a threorú isteach san fhásach,chun labhairt léi go muirneach.
17. Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.
18. An lá sin - an Tiarna a labhraíonn -is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm;choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.
19. Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal,agus ní luafar a n‑ainmneacha arís go deo.