Hóisé 2:11-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arísm'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth;bainfidh mé di m'olann agus mo líon,a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.

12. Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán,agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.

13. Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,lena féilte agus lena réanna nua,lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir

14. Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”Déanfaidh mise mothar díobh,agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.

15. Cúiteoidh mé léi na féilte,ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaímagus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád,chun dul ar thóir a leannán,agus mise dearmadta aici ar fad!- an Tiarna a labhraíonn.

16. Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,agus a threorú isteach san fhásach,chun labhairt léi go muirneach.

17. Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.

Hóisé 2