Hóisé 13:9-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael!Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?

10. Cá bhfuil do rí anoischun tú féin agus do chathracha uile a shábháil?Cá bhfuil do rialtóirí,iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”?

11. Thug mé rí duit le teann feirge,ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.

12. Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach,agus tá a peaca curtha i dtaisce.

13. Tá tinneas clainne ag tosú di,ach is páiste díchéillí í;mar cé go bhfuil ionú a breithe ann,ní thagann sí go béal na broinne.

14. Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad;Sábhálfaidh mé iad ón mBás.Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis?Cá bhfuil do chealg, a Sheól?Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.

15. Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire,tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi,gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach;agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc.(Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)

Hóisé 13