6. Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith,ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí,agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.
7. Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon;amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.
8. Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin,agus réab mé cochall a gcroí;rinne madraí craos orthu ansin,agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.
9. Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael!Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?
10. Cá bhfuil do rí anoischun tú féin agus do chathracha uile a shábháil?Cá bhfuil do rialtóirí,iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”?
11. Thug mé rí duit le teann feirge,ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.
12. Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach,agus tá a peaca curtha i dtaisce.
13. Tá tinneas clainne ag tosú di,ach is páiste díchéillí í;mar cé go bhfuil ionú a breithe ann,ní thagann sí go béal na broinne.
14. Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad;Sábhálfaidh mé iad ón mBás.Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis?Cá bhfuil do chealg, a Sheól?Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.