Hóisé 12:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.

8. Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán;is breá léi éagóir a dhéanamh.

9. “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim,“d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam,agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam,a bhféadfaí coir a thabhairt air.”

10. Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thúas críocha na hÉigipte,ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothannafaoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.

11. Labhróidh mé leis na fáithe,agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh;trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.

12. Gileád! is í an urchóid í!níl iontu ach calaois!I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh!Dá bhrí sin beidh a n‑altóirí cosúil le cairn chlochi gclaiseanna na ngort.

13. Theith Iacób go dtí críocha Arám;bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin,agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.

14. Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt,agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é.

Hóisé 12