Hóisé 11:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim;[nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde,níl duine díobh a dhíríonn aniar.

8. Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim!Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael!Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort,agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím!Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh,mar gur ghabh trua duit mé.

9. Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge;ní scriosfaidh mé Eafráim go deo,óir ní duine mé ach Dia.In bhur measc is mé an Té is naofa,agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.

10. Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna.Búirfidh seisean mar leon,agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iartharagus a gcroí ag preabadh.

11. Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan,agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm,agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin- an Tiarna a labhraíonn.

Hóisé 11