1. Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó,agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.
2. Ach dá mhéad dá nglaoití orthu,is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim];d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím,agus dhóidís túis i láthair íol.
3. Ach ina dhiaidh sin féin is mise a mhúin siúl d'Eafráim;thógainn suas i mo bhaclainn iad,ach níor aithin siad gur mise a bhí ag tabhairt aire dóibh.
4. Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna,le téada grá chun iad a mhuirniú,mar a dhéanfadh duine a d'ardódh naíonán chun a leicinn;agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh.
5. Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte,agus beidh an Asaír ina rí orthude bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.
6. Réabfaidh an claíomh roimhe trína gcathracha;scriosfaidh sé a gcuid scaothairí,agus dísceoidh sé iad mar gheall ar a ndroch-chomhairle.
7. Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim;[nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde,níl duine díobh a dhíríonn aniar.