1. Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael;Ach dá líonmhaire a thorthaí,b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí;agus dá shaibhre a chuid talún,b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.
2. Croí dúbailte atá acu,ach tá siad ar tí a smachtaithe anois.Brisfidh an Tiarna a n‑altóirí,agus scriosfaidh sé a liagáin.
3. Go deimhin déarfaidh siad ansin:“Níl aon rí againn(mar ní eagal linn an Tiarna).”Ach cad d'fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?
4. Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí!agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhea bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!
5. Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáiremar gheall ar lao Bhéit Ávan.Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi,agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall,mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.
6. Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte,mar cháin [don Ardrí].Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael,de dheasca na drochchomhairle a lean sé.
7. Díothófar an tSamáir agus a rí,agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.
8. Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha,mar a bpeacaíonn Iosrael,agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí.Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”,agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”