Habacúc 3:17-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;rachaidh de thoradh an chrainn olóige;ní thabharfaidh na goirt aon bhia;ní fhágfar caora sa chrónó bó ar bith sa bhuaile.

18. Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna,déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.

19. Is é an Tiarna Dia mo neart;tugann sé dom luathchosa eilite;cuireann sé mé ag céimniúgo daingean buach ar na harda.Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.

Habacúc 3