1. Ansin d'fhiafraigh an t‑ardsagart de: “An bhfuil seo amhlaidh?” D'fhreagair Stiofán:
2. “A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran
3. agus dúirt sé leis: ‘Fág do thír agus do mhuintir agus gluais leat chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.’
4. Leis sin d'fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d'aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois.
5. Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.
6. Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain;
7. ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós domsa san áit seo.’