7. De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
8. Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail.
9. Bhí daoine áirithe de chuid “Sionagóg na Saorfhear” mar a thugtaí uirthi - daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán
10. ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.
11. Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslaitheach faoi Mhaois agus faoi Dhia.
12. Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é.