6. Ansin d'éirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, d'iompair amach é agus rinne é a adhlacadh.
7. Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach.
8. Labhair Peadar léi: “Inis dom,” ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.”
9. “Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d'fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”
10. Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus d'ardaigh siad amach í gur adhlaic siad i taobh lena fear.
11. Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal.
12. Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh
13. ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu,
14. agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí
15. sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.
16. Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
17. Ansin chuir an t‑ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d'aicme na Sadúcach.
18. Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí.
19. Ach i rith na hoíche d'oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo
20. imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo.
21. Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc.Tháinig an t‑ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín - is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael - agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.
22. Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, d'inis siad an scéal: