11. Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’
12. níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
13. Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.
14. Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.
15. Mar sin de, d'ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile.
16. “Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.
17. Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”
18. Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa.
19. D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.
20. Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”
21. Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.
22. An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d'aois.
23. Tar éis a scaoilte chuaigh siad go dtí a muintir féin agus thug tuairisc dóibh ar gach ní dá ndúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo.
24. Ar chlos an scéil dóibhsean ghuigh siad os ard d'aonghuth chun Dé. “A Mháistir,” ar siad, “is tusa a rinne neamh agus talamh agus an mhuir agus gach a bhfuil iontu.
25. Is tú a dúirt tríd an Spiorad Naomh, trí bhéal do sheirbhísigh, ár n‑athair Dáiví:‘Cad ab áil leis na ciníocha bheith ar buile le feirg?Cad ab áil leis na náisiúin nithe baotha a bheartú?
26. Chuaigh ríthe an domhain in ordú cathaagus na flatha i gcomhcheangal le chéilein éadan an Tiarna agus a Ungthaigh.’
27. “Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,
28. agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin.
29. Agus anois, a Thiarna, tabhair do d'aire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána.
30. Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”