10. bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.
11. Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’
12. níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
13. Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.
14. Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.
15. Mar sin de, d'ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile.
16. “Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.
17. Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”
18. Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa.
19. D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.
20. Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”
21. Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.