30. Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,
31. is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’.
32. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.
33. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
34. Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,
35. go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
36. “Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”
37. Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”
38. Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
39. mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”
40. Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”
41. An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.
42. Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
43. Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.