Gníomhartha 1:24-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Agus rinne siad guí mar seo: “A Thiarna,” ar siad, “ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat

25. chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.”

26. Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é.

Gníomhartha 1