Geineasas 9:17-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Dúirt Dia le Naoi: “É seo comhartha an Chonartha a dhaingnigh mé idir mé agus an uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”

18. Ba iad Séam, Hám agus Iáfat clann mhac Naoi a tháinig as an áirc; ó Hám a shíolraigh Canán.

19. Ba iadsan clann mhac Naoi agus is é a síol a leath ar fud an domhain go léir.

20. Saothróir talún Naoi agus ba é an chéad duine é a phlandaigh fíonghort.

21. D'ól sé cuid den fhíon agus fad bhí an mheisce air, bhí sé nochta ina bhoth.

22. Chonaic Hám, an té ónár shíolraigh Canán, a athair agus é nochta agus dúirt sé é lena bheirt dearthár lasmuigh.

23. Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d'fholaíodar baill nochta a n‑athar. Bhí a n‑aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n‑athar.

Geineasas 9