12. Agus dúirt Dia: “Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht.
13. Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh.
14. Nuair a chruinneoidh mé na néalta os cionn na talún agus go bhfeicfear an bogha sna néalta,
15. cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios.
16. Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”
17. Dúirt Dia le Naoi: “É seo comhartha an Chonartha a dhaingnigh mé idir mé agus an uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”
18. Ba iad Séam, Hám agus Iáfat clann mhac Naoi a tháinig as an áirc; ó Hám a shíolraigh Canán.
19. Ba iadsan clann mhac Naoi agus is é a síol a leath ar fud an domhain go léir.
20. Saothróir talún Naoi agus ba é an chéad duine é a phlandaigh fíonghort.
21. D'ól sé cuid den fhíon agus fad bhí an mheisce air, bhí sé nochta ina bhoth.
22. Chonaic Hám, an té ónár shíolraigh Canán, a athair agus é nochta agus dúirt sé é lena bheirt dearthár lasmuigh.
23. Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d'fholaíodar baill nochta a n‑athar. Bhí a n‑aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n‑athar.
24. Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis,
25. dúirt sé:“Go raibh mallacht ar Chanán!Beidh sé ina dhaor na ndaorag a dheartháireacha.”
26. Lean sé air:“Go raibh beannacht ar Shéam ón Tiarna Dia.Go raibh Canán aige ina dhaor.