2. Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t‑ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad.
3. Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d'aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air.
4. Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.
5. Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.
6. Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d'aois ghin sé Eanóis,
7. agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
8. Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
9. Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d'aois, ghin sé Céanán,
10. agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
11. Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.