25. ag Dia d'athar a chabhraíonn leat,ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú,le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos,le beannachtaí cíoch agus broinne,
26. le beannachtaí arbhair agus bláthanna,le beannachtaí na gcnoc cianaosta,le beannachtaí na sléibhte síoraí;go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef,agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.
27. Faolchú craosach é Biniáimin;alpann sé a chreach ar maidin,agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.”
28. Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
29. Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m'aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach,
30. san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.