Geineasas 49:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.

2. Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí;éistigí le hIosrael bhur n‑athair.

3. A Reúbaen, is tú mo chéadghinmo neart, céadtoradh m'fhearúlachta.Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,

4. gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach,mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar,agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!

5. Deartháireacha Simeon agus Léiví,agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.

6. Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí;nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar,óir mharaíodar daoine le teann feirgeagus speireadar daimh le barr buile.

7. Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaireagus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta.Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacóbagus scaoileadh orthu in Iosrael.

Geineasas 49