Geineasas 48:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad.

14. Shín Iosrael a lámh dheas uaidh amach agus leag í ar cheann an té a ba óige, Eafráim; agus a lámh chlé ar cheann Mhanaise, agus a lámha á gcur thar a chéile aige - ba é Manaise an té ba shine.

15. Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá:“Dia ar shiúil m'aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc,Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,

16. An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo!Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác.Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”

17. Nuair a chonaic Iósaef a athair ag leagan a láimhe deise ar cheann Eafráim, baineadh stad as. Rug sé greim ar láimh a athar chun í a chur ó cheann Eafráim go ceann Mhanaise.

18. Dúirt Iósaef lena athair: “Ní mar sin is ceart, a athair, é seo an chéadghin; leag do lámh dheas ar a cheann seo.”

19. Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”

20. Chuir sé a bheannacht orthu an lá sin á rá:“Gura beannacht sibh in Iosrael! Go ndeire siad:‘Go gcuire Dia an bhail chéanna ort le hEafráim agus le Manaise!’ ”Ar an tslí sin thug sé an tosach do Eafráim ar Mhanaise.

Geineasas 48