Geineasas 46:18-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. (Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób - seisear déag).

19. Seo iad clann Ráchael bean Iacóib: Iósaef agus Biniáimin.

20. Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.

21. Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard.

22. Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób - ceathrar déag ar fad.

23. Clann Dhán: Huisím.

24. Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim.

Geineasas 46