Geineasas 46:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuir Iosrael chun bóthair dá bhrí sin lena raibh aige agus tháinig sé go Béar Seaba. D'ofrail sé íobairtí do Dhia a athar Íosác ansiúd.

2. Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.

3. Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.

4. Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.”

Geineasas 46