Geineasas 45:24-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: “Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.”

25. D'fhágadar an Éigipt dá bhrí sin agus bhaineadar amach tír Chanán agus a n‑athair Iacób.

26. Agus dúradar leis: “Maireann Iósaef i gcónaí agus is rialtóir é ar chríocha uile na hÉigipte.” Agus tháinig suaitheadh croí air mar ní chreidfeadh sé iad.

27. Ach nuair a d'insíodar dó gach a ndúirt Iósaef leo, agus nuair a chonaic sé na cóistí a chuir Iósaef faoina dhéin, tháinig Iacób an t‑athair chuige féin.

28. Agus dúirt Iosrael: “Is leor sin! Maireann Iósaef mo mhac i gcónaí; rachaidh mé ar a thuairisc roimh bhás dom!”

Geineasas 45