Geineasas 45:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. agus cothóidh mé ansiúd thú mar go bhfuil cúig bliana gorta le teacht fós, agus nach áil liom go luífeadh an ghannchúis ort féin ná ar do theaghlach ná ar do chuid.’

12. Agus anois feiceann sibh le bhur súile cinn - sibhse agus mo dheartháir Biniáimin - gur liomsa an béal seo ag caint libh.

13. Ní foláir daoibh a insint do m'athair cad é gradam atá agam san Éigipt agus gach a bhfuil feicthe agaibh. Brostaigí agus tugaigí m'athair anseo anuas.”

14. Ansin chaith sé é féin ar bhráid Bhiniáimin a dheartháir agus ghoil sé agus ghoil Biniáimin ar a bhráidsean.

15. Agus phóg sé a dheartháireacha go léir agus a dheora ag sileadh orthu, agus ansin labhair a dheartháireacha leis.

16. Bhain an scéal nua go raibh deartháireacha Iósaef tagtha pálás Fhorainn amach, agus b'áthas le Forann é a chlos, agus ba é an dála céanna é ag a theaghlach.

17. Dúirt Forann le Iósaef: “Abair le do dheartháireacha: ‘Déanaigí mar leanas: Cuirigí ualaí ar bhur mbeithígh iompair agus ar ais libh go tír Chanán.

18. Agus tugaigí libh anseo bhur n‑athair agus bhur dteaghlaigh agus tagaigí ar ais chugam. Tabharfaidh mé togha thalamh na hÉigipte daoibh agus beidh méith na talún mar bhia agaibh.’

19. Agus tabhair an t‑ordú seo dóibh chomh maith: ‘Déanaigí mar leanas: Tugaigí cóistí libh ó thír na hÉigipte do bhur miondaoine agus do bhur mná agus tugaigí bhur n‑athair libh, agus tagaigí!

20. Is cuma daoibh faoi bhur maoin, mar is libhse togha maoine thír na hÉigipte go léir.’ ”

21. Rinne clann Iosrael mar a dúradh leo agus thug Iósaef cóistí dóibh, mar a d'ordaigh Forann, agus lón bóthair.

22. Thug sé dhá fhallaing shaoire an duine dóibh, ach thug sé cúig fhallaing shaoire agus trí chéad seicil airgid do Bhiniáimin.

Geineasas 45